← Glactar leis seo mar an chéad lá den earrach, tráth a dtosaíonn an ghile ag fáil an ceann is fearr ar dhorchadas an gheimhridh. 🔊
← Mná amháin a ceadaíodh in aon ghiorracht den tine agus chuir Bríd fúithi anseo i measc na mban a bhí ag adhradh na seandé. 🔊
← Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. 🔊
← De réir leagain amháin den scéal bhí cluasa asail ar an rí agus tháinig sé chuici chun iad a leigheas. 🔊
← Bhuail siad le chéile taobh amuigh den áit ina bhfuil baile Chill Dara anois. 🔊